top of page

Seachtain na Gaeilge 2019

Bhí go leor imeachtaí againn ar scoil le haghaidh Seachtain na Gaeilge 2019.

Bhí Tráth na gCeist ag na páistí ó Rang a trí go Rang a sé. Tháinig Ciara, Louis, Aoife agus Shane sa chéad áit agus tháinig Caragh, Saoirse, Ethan, Katie agus Noah sa dara háit. Comhghairdeas leo.

Bhí ceolchoirm againn freisin. Chanamar amhráin agus bhíomar ag seinm ceoil ar an bhfeadóg stáin. Chuireamar drámaíocht bheag ar siúl dárbh ainm, 'Na Trí Mhuc'. I rang Ealaín, rinneamar teach tuí, teach adhmaid agus teach bricí.

Ar deireadh, bhí céilí againn ar an Aoine. Bhí na páistí ó gach rang ag damhsa agus chaitheamar glas, bán agus oráiste. Bhí na múinteoirí ag rince freisin. Bhí Seachtain na Gaeilge go hiontach! :)

Le Saoirse, Ciara agus Jessica, Rang a 6.

Tags:

Featured Posts
Recent Posts
Archive
Search By Tags
Follow Us
  • Facebook Basic Square
  • Twitter Basic Square
  • Google+ Basic Square
bottom of page